
Muineachan Le Gaeilge
Féile Oriel 2025 is, once again, delighted to invite and involve Muineachan le Gaeilge and our collective youth to participate in the programme of events over the May Bank Holiday weekend.
We have a packed calendar for this lively weekend of workshops, sessions, a concert and a music showcase over 2 days. We have various events to suit everyone, young to not-so-young. Together with the music, the Irish language will be at the centre of the proceedings, giving festival goers a chance to speak and learn our native language. Brush up your “cúpla focail”!
A chairde, bígí linn le ceiliúradh a dhéanamh ar Fhéile Oriel i mbliana.
Tá féilire plódaithe againn don deireadh seachtaine bríomhar seo idir cheardlann, sheisiúin, cheolchoirm agus thaispeántas ceoil, is cinnte go bhfuil imeacht againn d’achan chineál dhuine, idir óg agus aosta. Mar aon leis an cheol, beidh an Ghaeilge i lár an aonaigh ag achan imeacht de chuid Mhuineacháin le Gaeilge, ag tabhairt deis labhartha agus foghlama do lucht na féile!
Ceol, damhsa, agallamh agus neart craic le linn na deireagh seachtaine. Bígí linn.
Dé Sathairn 3 Bealtaine
11am Cóisir Cheoil an Chiorcail Chomhrá
Siopa Caife Missy A’s, 19 Sráid na Páirce, Baile Mhuineacháin, H18 KX28.
Beidh ceol, craic agus caife againn i Missy A’s chun tús láidir a chur le himeachtaí
Mhuineacháin le Gaeilge. Beidh deis againn éisteacht le ceoltóirí Gaelacha áitiúla idir óg agus
aosta agus iad ag casadh ceoil dúinn ar Shráid na Páirce. Hup!
12pm Ceardlann Cheoil Lán-Ghaeilge do Pháistí leis an “Mobile Music School”
Oifig Mhuineacháin le Gaeilge, 20 Sráid na Páirce, Baile Mhuineacháin, H18 AH63.
Beidh an Mobile Music School ag tabhairt cuairt ar Mhuineachán!
Beidh deis ag daoine óga an chontae scileanna ceoil a fhoghlaim agus a chleachtadh ag an
cheardlann spraíúil seo.
Beidh an t-imeacht seo oscailte do pháistí d’achan aois agus d’achan chumas.
8pm Ceolchoirm le Bula Beag
Hughie’s, Corr Cheachan, Contae Mhuineacháin.
Bígí linn d’oíche lán le ceol agus craic ón bhanna ceoil Gaelach áitiúil, Bula Beag.
Taistealaíonn Bula Beag ar fud fad na tíre ag seinm is ag canadh do na sluaite agus is cúis
mhór áthais dúinn go mbeidh siad linn don oíche speisialta seo.
Mura bhfuil tú ann, is tú atá thíos leis!
Dé Domhnaigh 4 Bealtaine
12pm Plé agus Taispeántas ar Cheol Oiriall
Teach an Mhargaidh, Baile Mhuineacháin, H18R268.
Le staidéar cuimsitheach déanta acu beirt ar cheol agus amhránaíocht Oiriall, cuirfidh
saineolaithe cumasacha, Colleen Savage agus Seán McElwaine an ócáid spéisiúil seo i láthair
le ceol agus amhránaíocht an cheantair fite fuaite ó thús deireadh.
Beidh an ócáid seo dátheangach. Bígí linn!
8pm Oíche Cheoil agus Amhránaíochta
McCague’s, An Bhoth, Contae Mhuineacháin.
Bígí linn ag oíche cheoil agus amhránaíochta i dTigh Mhic Thaidhg, teach tábhairne a chuireann
an Ghaeilge chun cinn ó cheann ceann na bliana. Beidh an Ghaeilge i lár an aonaigh arís ag an
ócáid seo le ceoltóirí agus amhránaithe Gaelacha ag casadh ceoil agus ag canadh dúinn.
3pm Seisiún Sráide Idirnáisiúnta
An Diamant, Baile Mhuineacháin.
Get your dancing shoes on for a traditional Céilí Gaelach with an international twist! We will be
treated to song, dance and music from all over the world. This multilingual, multicultural event
will immerse you in different cultures as we extend a warm céad míle fáilte to all of our new and
vibrant communities.